School: Cloigeann
- Location:
- Cleggan, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fathaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 295
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloigeann
- XML Page 295
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciste Óir i bhfolachTá páirc in aice Ros a' Dilisg, agus tá an t-ainm seo uirtí "clóchaí clorra". Tá ciste óir i bhfolach sa pháirc seo agus tá sé ann ón aimsir a bhí na tighearnaigh talmhan in Éirinn. Fuair Micheál Ó h-Allmhúráin agus Micheál Ó Tuathail an ciste. Seo an scéal im dhiaidh faoi.
Bhí nós ag na tighearnaighibh - aon rud a gheobhadh na Gaedhil d'órduigheadh siad an rud sin a thabhairt dóibh féin. Ní dhéanadh na daoine é sin, agus ba dháltha an scéil ag an beirt thuas é. Chuir siad i bhfolach é, mar cheap siad nuair d'imtheochadh na tighearnaigh as an áit do gheobhfadh siad féin an ciste. Tamall in a dhiaidh sin do troideadh cath agus do marbhuigheadh na daoine a chuir an ciste i bhfolach sa talamh. Ní raibh fhios ag duine ná deóraidhe cá raibh an ciste annsin. Deireann na sean-daoine go bhfuil na sidheóga ag tabhairt aire dhó, go dtí go siubhailidh duine d'fhuil na ndaoine a chuir ann é, treasna na páirce, agus gheobhfaidh an duine seo an méid atá i dtaisce sa pháirc.
Bhí cailín ag déanamh turais treasna na páirce uair amháin. Chonnaic sí rud áirighthe ag spréacharnaigh fé sholas na gréine. Nuair a tháinic sí comh fada leis an rud céard a bhí ann acht an ciste. Do scannruigheadh í agus(continues on next page)- Collector
- Stiofán Ó Tuathail
- Gender
- Female
- Address
- Rossadillisk, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Coingheáin
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Address
- Rossadillisk, Co. Galway