School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Caltha
- XML Page 045
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na bhárach d'éirigh an buachaill agus chuaidh sé chun na coilleadh. Bí sé indéidh an gearráin, siar a's aniar. Acht cha dtiocfadh leis a ghabhadh. Shuidh sé síos agus thosuigh sé ag gol. Tháinic an cailín amach le na ndinnéar. "Céard atá ort indiu ar sise. Tá an obair seo le déanamh agam agus ní bheith sí réidh a choidhche ar seisean, Is cuma adeir an cailín ith do dhinnéar agus chuir do cheann ar m-ucht go n-amharcfaidh mé ann. Thuith sé ina chodladh agus nuair a mhuscail sé bhí an gearrán i n-a sheasamh láimh leis agus rópa ar a mhuinéal. Thug sé an gearrán abaile leis chuig an chaislean agus dubhairt an fathach leis go raibh an obair réidh anois agus a shuipéar fágháil agus a dhul na chodhladh. Fuair sé a shuipéar agus chuaidh sé a chodhladh. Bhí eagla mhór ar an fhathach roimhe an mbuachaill anois. Nuair a bhí an buachaill ina chodhladh chuir an fathach póta mór ar thaobh na leabtha. Bhí ropa ag dul thríd an urlár san gcaoi go bféidir leis an leabhaidh a ionntodh bun os cionn agus an buachaill a ligint isteach san bpóta. Smaoinigh sé go dtuitfeadh an buachaill isteach agus go mbeadh sé bruithte sa bphota. Chuaidh an fathach síos san seomra eile chun greim a fágháil ar an rópa idir an dá am, tháinic an cailín isteac agus mhuscail sí an buachaill. Nuair a tharraing an fathach an rópa thuit píosa mór adhmaid isteach sa(continues on next page)
- Informant
- Micheál Mac Donncadha
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway