School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 299
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanna cheardanna
Sníomh. Gnidis sníomh le túirne fadó. Ar an túirne bhí rotha agus chuiridis an túirne ar ceap-túirne a bhíódh fídeog ann. I dtosach an túirne bhiodh cluasanna déanta as tuighe agus iad i bhfastadh ins an gceap-tosaigh. Bhiodh an fearsad sáídthe isteach ins na cluasa agus an sreang casta dhá uair timcheall air agus annsin timcheall an rotha. Leis an sníomh a dhéanamh annsin chuiridís a lamh deas ar an rotha agus an rolla ar an bhfearsad agus ghá chasadh. Nuair a bhíodh na rollai sniomtha annsin proistín a thugaidís air agus gnídís céirdín as annsin. Bhíodh trí ceirdín acu an tinneach, an dlúth agus an deilbh. Leis an dlúth bhíodh dhá snáithe dubh dúbailte agus leis an deilbh bíonn dhá snátha bán dúbailte
Deilbh Le h-aghaidh an deilbh a dhéanamh chuiridís dhá maide in a sheasamh suas agus dhá maide treasna. Bhiodh timcheall deich piossa i ngach cheann de na maide a bhiodh ina sheasaimh suas. Dheilbhidís ag dul ó phiossa go piossa. Nuair a bhíodh sé deilbhuighadacu, gnidís slabhradh as. Thugaidís ceirdin dluth ag an bhfideadoir in aonfheacht leis an deilbh.
Dathughadh. Dathuigidís olann fadó le sgraith(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Niadh
- Gender
- Male
- Address
- Maam Cross, Co. Galway