School: Shindilla (roll number 14285)

Location:
Lurgan or Shindilla, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Shindilla
  2. XML Page 277
  3. XML “Fir Láidre ag Cuir Dúshláin fá Chéile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fir láidre ag cuir dubhlán fá chéile
    Uair amháin bhí dubhshlán idir na daoine as Uachtarárd agus na fir as Duithche Sheóigeach. Chasadh siad ar a chéile leath-bealaigh ar thaobh sleibhe in aice le loc Coirib. Bhí fear os cionn gach roinnt(?) acu, mar gheall nach raibh siad in aice le aon dochtúir, no teach, in aice leis an sin. Bhí Suilleabhán os cionn muintir Uachtarárd, dubhairt sé go mbeadh carraidheacht acu. Ó Suuilleabhán a bhí le carraidheacht a dhéanamh le Seóíge as Duithche Sheóigheach, agus 'sé an t-ainm a bhí air Jaicín na mbáiníní agus bhí sé beagnac seacht troigh ar aoirde. Bhí sé reamhar agus láidir. Thosuigh Suilleabhán ag carraidheacht leis. Ba's Gleann é seo agus ní raibh leath an méad ann is a bhí sa bhfear mór. Dubhairt Jaicín, 'má tá sé beag fhéin tá neart ann". Leag Ó Suilleabhán trí uaire é agus fuair muinntir Uachtarárd an lá Troideadh é seo i Leic Aimhreidhe.
    Máirtín Ó Cheallaigh
    Cros Bhóthair Máma.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Cheallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Maam Cross, Co. Galway