School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 170
  3. XML “Scorach Ghlionnáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgurach Glionnáin
    Bhí fear mór láidir ann uair amháin. Tógadh i nGlionnán é. Sé an sloinneadh a bhí air ná Neachtain. Do bhíodh sé ina chomhnaidhe faoi sgailp.
    Lá amháin chuaidh sé síos go Tula Ciadhan. Thug sé seacht gcinn déag de ghabhair ar a dhruim leis. Thug sé bullán leis lá eile. Bhí abha le treasnughadh aige. Do léim sé thar an abhainn agus an bullán ar a dhruim aige.
    Bhí abha in aice na Sgailpe in a raibh sé ina chomhnaidhe. D'itheadh sé na gabhair agus na bulláin a thógadh sé. Níor chuir sé salainn ar an bhfeoil ariamh. Do sháitheadh sé síos san abhainn é agus coinnigheadh an t-uisge úr é.
    Níor thaithnigh an obair seo a bhí ar siubhal ag Sgurach Ghlionnáin le na daoine. Chuireadar fios ar na póilínibh. Chuir na póilíní handcuffs air agus thugadar leó é. Nuair a bhíodar tamall ar an mbóthar bhris sé na handcuffs agus d'imigh sé abhaile.
    Oidhche amháin bhí fear ag tórruidheacht lóistín. Chuaidh sé isteach i dteach. Dubhairt muinntear an tighe leis "Fan annseo acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Claídeach, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Claídeach, Co. Galway