School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 176

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 176
  3. XML “Domhnall Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó darbh ainim Domhnall Bán agus bhí an-tóir aige ar ól agus ar chartaí. Bhí a mhathair ina baintreach agus bhí dearthair eile aige sa teach a bhí an-chríonna. Lá amháin chuir a mathair Domhnall ag an mbaile mór le cárr choirche. Díol sé an coirce agus d'ól sé an cuid is mó dá luach agus ag teacht abhaile dó cuaidh sé isteach i dteach a raibh ól agus imirt cártaí ann. Chaith sé a chuid airgead ar fad annsin agus ní raibh pighin aige ag tigeacht abhaile. Níor tháithnigh sin lena mháthair ná lena dhearthair agus bíodar ag casaoid air faoi. An chéad lá eile a ndeachaidh sé leis an gcoirce rinne sé an cleas céadhna. An triomhadh lá ag imtheacht do d'fhuagair a mháthair air an t-airgead a thabhairt abhaile nó nach mbeadh sé buídheach dó féin. D'imthigh sé leis an gcoirce go dtí an baile mór agus níor ól sé deoir ar bith sa mbaile mór. Bhí an teach mí ádhmharac ar an mbealach roimhe abhaile agus i gcas nach gcuirfidhe cathú air ag dul thar an teach seo do d'iompuigh sé a dhruim leis. Tháinich cuid de na sean compádaithe amach roimhe agus bhíodar ag gabháil dó riamh is coidhche go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Suibhne
    Gender
    Female
    Address
    Maigh Cuilinn, Co. Galway
    Informant
    D. Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Age
    46
    Address
    Maigh Cuilinn, Co. Galway