School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 201
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn duine ag dul a chodladh san oíche deireann sé
    " Ceithre phosta ar mo leaba. Ceithre aingeal mhac Dé, má fhághaim bás as seo go maidin i bhflaitheas Dé a bheas m'anam bocht"

    Luighim le Dia agus go luighidh Dia liom
    lámh deas Dé fá mo chloigeann agus dhá láimh Mhuire
    timcheall orm
    Tá crois na naoi n-aingeal geal ó bharr mo chloigeann
    Go bun mo sháile
    Nár luighe mé le olcas agus nár luighe olc liom.
    A Íosa óir ciste déan trócaire orm
    A Íosa uachtar ár mbeatha déan trocaire orm.

    Nuair chuirtear an chéad fata deirtear
    go gcuiridh Dia toradh agus tairbhe ar a gcuirimíd agus a nglacaimid agus a gabh muid thríd

    Nuair fhaíghtear an chéad uan deirtear
    "Mo Dhia dhá thárrtháil agus go dtárraigh Dia muid agus go mbeirimíd beo ar an am seo arís

    Ag dul thar reilig
    Seacht roilig Pádraic agus iomháigh Críost,
    Molfar thuas thú agus molfar thíos
    agus molfar ag righ na glóire thú
    agus go ndéanaidh Dia trocaire ar anamnachaibh na marbh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Suibhne
    Gender
    Female
    Address
    Maigh Cuilinn, Co. Galway
    Informant
    Sighle Uí Bheáin
    Gender
    Female
    Age
    55
    Address
    Leamhchoill, Co. Galway