School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 116
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tuairm's trí sgór bliain ó shoin bhí bainfheis thall ar an gCnocán Raithnige”
(continued from previous page)capall is feárr a bhí 'sa bparóiste Bhí capall breágh ag Tadhg Mhaitthiais Thaidhg as na Cúlachaí, agus chuir sé geáll lé Micheál Sheáin, o ngnotóchadh sé rása air. "Tá mé sásta", arsa Micheál Sheáin. Bhí píosa mór sléibhe tuairm's leath mhíle ó'n áit, agus shocruigheadar go rachadais go dtí an áit sin.
Chuadar ánn, agus thoisigh siad ag rith. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, nó gur thosaigh capall Michíl Sheáin ag gnothachtáil ar an gcapall eile. Chuir sé sin Tadhg Mhaithtiais Thaidhg lé buille. Mar adubras cheana bhí an capall eile ag gnóthochtáil go breágh, agus an fhaid 's a bhí, bhí Tadhg ag cuimhniú ar phlean :- Bhí bograch mór i lár an t-sléibhe, agus b' éigean don bheirt, é a a threasnú ar chasán bheag, a bhí ag dul amach trí 'na lár. Nuair a fuair Tadhg, Micheál Sheáin ag tarraingt ar an gcasán, bhrostuigh air, chómh maith in Éirinn agus a dfhéad sé, sa gcaoi go raibh sé lé taobh an fhir eile beagnach ag dul amach ánn dó. Ar an bpuinnte 's a fuair sé(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ua Cearra
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway