School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 064
  3. XML “Féilí na Bliana”
  4. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Micíl:- aon páiste a rugadh an lá sin ba cheart Mícheál a thabhairt air. Lá 'lé Mártan, marbhuigheann gach duine gé lacha nó coileach, an lá sin in onóir Naomh Máirtín. Oidhche Shamhna;_ an oidhche roimh lá Samhna. Cuirtear ubhla i dtubán mór uisce an oidhche san.
    Dá lá dhéag na Nodlag: lastar dá coineall déag an oidhche san. Lá Nodlag:- an lá rugadh Íosa Críost. Lastar coinnle móra an oidhche sin, agus fágtar ceann amháin lasta san cistin ar feadh na hoidhche, chun solus a thabhairt do'n Slánuightheóir ag teacht chugainné. Nos eile: doras amháin a fhágáil fhoscailte go mbíonn na daoine ag dul sa leabaidh. Cé go mbíonn na daoine ins an áit seo ar meisge an oidhche sin, ní theigheann cuid aca sa leabaidh go dtí tar éis a dó dhéag go mbíonn béilidh mór d'feoil aca.
    Nodlag Beag:- ainm eile ar lá agus oidhche Cinn Nodlag. Bhíodh (Nodlag:-) Aifreann aca fadó Oidhche Nodlag. Teigheadh mór chuid daoine as an áit seo ag comaoineach ag an Aifreann seo. Tugtar Aifreann na mBán air sin. Tomás Breathnach, Gort a Colladh,
    Is ó m'athair Mícheál Breathnach a frítheadh an t-eolas seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.