Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí go leór sean scoileanna ins an áit seo fadó. Bhí ceann i gCluan a’ Binne, ceann i gCill a Chlogán, ceann i gCalladh na Muc agus ceann I bPoll na bPéist, agus ceann i gCnocán Seanaigh. Bhí an scoil i gCluan a’ Binne i dtígh “Máirtín Sáirséal.” Tá an sean-fhoirgneamh I bPáirc I bPoll na bPéist. Bhí ceann i dtigh fhir dárbh’ ainm “Bearthla Mór.” Dearbhratháir lé Beartthla a bhí ina mhúinnteóir ann. “Máirtín “Sáirséal” agus “Micil Mháire Bríghde” a bhi ina múinnteoirí I gCluan a Binne. Bhíodh siad ag m úineadh Gaedhilge san oidhche.
    Anois faoi Pholl na bPéist; fear dárbh ainm Sturrip a bhí ina mhúinnteoir ann. Fear idar (dai) crosta do beadh é agus bhí fuath aige don Ghaedhilge, agus aoinne a chloisfeadh se ag cainnt é bhuailfeadh sé é go trom. lá amháin d’ionsuighe na buachaillí é agus is beag nár mharbhuigh siad é. síothchán a bhí a múineadh I gCill a’ Chlogán agus Gaedhilgeóir breágha a bhí annn. mUinnteoiri breaghtha agus Gaedhilgeóirí críochnuighthe iad.
    Ní bhfuigheadh siad págh ar bith acht geobhfadh siad beilidh ó na paiste. Bhíodh siad ag fanacht ina dtíghthe féin. ‘Siad na neither is mó a bhíodh siad ag foghluim ná ceisteanna beaga. Bhíodh siad ag cur ceisteanna mar seo. Cé mhéad caoirigh agaibh sa mbaile? agus rudaí mar sin. Gaedhilge ar fad a bhíodh á labhairt aca, ingach áit acht I bPoll na bPéist. Bhíodh an Gaedhilge mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge