Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 019
- XML “Arán”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bearna ar an cáca sul a leagann siad suas ar a gcuid lámha é.
Nuair a bhíonns an cáca déanta ag bean a’tighe cuireann sí sa lasad é le go mbeadh an bácús té go leor chun é do chur síos ann. Cuirtear lasair faoi an mbácús le go mbeadh sé díreach go leor agus ceapaim gurab é an rud céadna a chuireann siad faoin ngreidill.
Sul a chuireann na mná an leac ar an mbácús cuireann siad cros o’s a chionn agus deireann siad: ’Go mba seacht míle fearr a béas muid an t-am seo aríst agus go sábhála Dia sin ó thachtadh, ó uscóid agus ó anachain” Anois agus aríst déanann siad cáca le uisce in áit bláthach agus cuireann siad dorn ann agus aon duine a ithfeadh píosa de’n cáca sin bheadh sé beo ins an t-am sin aríst deireann siad. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.