Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Céad slán de bhliadhain an taca seo
Ba dheas i mo chulaith éadaigh
Bhí mé indan dhul 'un cainnte
I nGaedhilge agus i mBéarla
No ghur phós mé an Chiomach
Mar bhí cúpla bó de spré léithi
'S d'fhág sí fuar follamh mé
'S mo chroiceann geal gan éadach.
II
Comhairle díobh a bhuachaillí
An méid agaibh tá gan phósah
Ná fágaidh bean mhaith i bur ndiaidh
Mar gheall ar bheith gan bó í
Nárbh fhearr dhíbh bothán glan agaibh
le tigheacht isteach tráthnóna
Ná luathra bhuide na seactmhaine
Dá chur amach Dia Domhnaigh
III
Tá sgéal an-bheag le n-aithris a'm
'S tá náire orm é a innseacht
Bhí triúr nó ceathrar fear a'm
a tarraing carnán aoiligh
D'imthigh sise ar maidin mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile an Dónalláin, Co. Galway