Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Ón duine céadna ón a bhfuireas an chuid eile Seán Ó Gamhnáin, agus fuair seisean ó na mháthair é”
(ar lean ón leathanach roimhe)Imitheóchad amach fao'n tír chómh gioblach le caora glas
III
Cheannóchaidh mé briste a mhaireas le linn na bhfear
Ní bhainfidh mé an fhéasóg seo díom
Go bhfásfaidh sé míle ar fhad
Mar a bhfuigidh mé bean ar an gcaoi sin fágfaidh mé an tír ar fad
Sé mo truagh géar gan mé agus mo stóirín ar mullach an tsléibhe thuas
Agus gan aon dhuine a bheith in aice linn acht an sneachta séidte dá chur séid an d[tuai]
IV
Agus go mbainfheadh mé anois póg dá béal
A gcuirfheadh na céadta súil
Agus go mba bhfeárr liom go mór tú ná bean agus ceithre bó bhainne ó Sliabh Uí Luing
A bhrighidín a stóir teighre agus fág do chuid gaolta in Éirinn
Rachaidh muid de'n gréig amach, ní feicfidh tú blian de laitheannta
Go mbéidh cárr agat agus b'fhéidir long.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gamhnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Gharráin, Co. Galway