School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 101
  3. XML “An Fear agus an Deargdaol - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fheiceál.
    Leis sin chuaidh an mac go dtí tighe na madraí agus sgaoil sé amach a chuid madraí in a dhiaidh chun rúaig a chur air. Lean síad é, agus sa deire mharbhuigh síad é. Núair chonnaic a bhean an rud a bhí déanta aige, "dúbhairt sí leis, cé'n fáth a ndearna tú é sin" agus dúbhairt an fear gurbh é a athair a bhí ann. Núair chúala a bhean é sin dúbhairt sí leis bheith ag imtheacht go tapaidh agus párdún d'fhághail ar an bpeacadh úathbhásach sin. Leis sin chúaidh sé chuig an Easbog acht ní thiubhradh sé párdún dó. Chuaidh sé chuig an Pápa acht ní thiubhradh sé párdún dhó. Ar a theacht abhaile dhó chuaidh sé treasna portaigh, agus chonnaic sé fear ar an mbóthar tamall maith uaidh. Shiubhal sé go tapaidh chun bheith roimhe ag an gcros-bhóthar, agus casadh lé chéile íad san áit céadhna.
    Sagart a bhí ann, agus d'innis sé a sgéal dó. "Tiúbhraidh mé párdún duit ars an sagart". Sé an phárdún a thug sé dó, ná póg a thabhairt do'n chéad rud a chasfaidhe leis. "Dearg Daoil" a chas leis ar dtús, agus b'éigin dó póg a thabhairt dí. Bhí cealg nimhe ag an "Dearg Daoil", agus chuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Seachnasaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Moyne, Co. Galway