School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear bocht ann úair amháin, agus bhí trí phúnt aige. Shocruigh sé go dtúibhreadh sé an t-airgead do Íosa chun é a shábháil dó. Bhí sé ag siúbhal í gcómhnuidhe gur chas Íosa leis lá amháin, agus thug sé an t-airgead Dó chun é a choingbheál.
Fúair an fear bocht lóisdín í dteach beag í mbaile beag an oidhche sin. Ní raibh istigh san teach acht bean. Bhí féa[ch]aint brónach uirrí. Tháinig a fear céile isteach tar éis tamaill, agus dúbhairt an bhean leis go bhfúair an capall bás. "Ná bac leis" arsa an fear ar lóisdín" "Iocfaidh Íosa é."
Fúair an fear bocht lóisdín í mbaile eile an oidhche dár gcinn. Núair á tháinig fear a tíghe abhaile, dúbhairt a bhean leis go raibh orra an cíos a dhíol, cé nach raibh pínghin rúadh acú, nó go gcuirfidhe amach as a seilbh íad. "A íocfaidh Íosa é," arsa fear ar lóisdín.
Fúair sé lóisdín í mbaile eile oidhche eile, agus bhí an sgéal céadhna acú.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Ceannaigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Derreen, Co. Galway