Pisreóga
1 Má chasann bean ruadh i dtosach d'aistir ort cuirfidh sí an mí-ádh ort.
2 Má bhuaileann tú le capall bán agus tú ag tosú ar aistir beidh an t-ádh ort.
3 Má bhíonn spás mór idir na cáranna ag socraid sin rian go bhfuighidh duine eicínt eile de'n chlann céadna bás sar i bhfad
4 Ní ceart do na gaolta abheith i láthair an duine atá ag fághail bháis nó deirtear go bhfuighidh duine acu céadna an tinneas ón duine atá ag fághail bháis
5 Ní ceart an t-uisge in a nightear na cosa a fághail istigh sa tigh ist oidhche
6 Bíonnn na sidheóga indiaidh an duine a theigheanns chuig tobar tar éis dul faoi na gréine
7 Má bhíonn tochas ar bhois do láimhe deise sin rian go gcraithfidh duine eicínt lámh leat sar i bhfad
8 Má bhíonn tochas ar bhois do láimhe clé sin rian go bhfuil airgead ag teacht cugat.
(continues on next page)