School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fear agus an Dearg-Daol.
Sgéal.Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Níor réidhtigh síad lé chéile chor ar bith. Lá amháin dúbhairt an mac leis féin go rachadh sé ag saothrú airgid tó féi[n.] Go Lonndain a chúaidh sé, agus shaothruigh sé a lán airgid. Ní raibh sé i bhfad ann núair phós sé bean saidhbhir, agus bhí teach mór aicí. Núair chúala an t-athair go raibh an mac pósta chuaidh é féin go Lonndain. Taréis tamaill fúair sé fios ar theach mhó[r] a mhic.
Lá amháin sheas sé ag a gheata, agus núair chonnaic an mhac é d'aithnigh sé é. Chuir sé a bhean amach chuige lé fhághail ama[ch] céard a bhí uaidh. Chúaidh a bhean amach chuige agus dúbhairt an t-athair gurbh é fear an tíghe a bhí ag teastáil uaidh. "Amach leat arís agus abair leis bheith ag imtheacht ó'n ngeata go tapaidh." Acht ní imeóchadh sé mar ní raibh uaidh acht fear an tíghe a fheiceál. Ní rachadh an mac amach chuige in aon chor acht thug sé deich sgilling dí chun é a thabhairt dó acht ní glacfadh sé uaithí é, mar n[í] raibh uaidh acht fear an tighe a fheiceál. Púnt a thug sé dí acht d'eitigh sé uaithí í mar ní raibh uaidh acht fear an tighe a(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Seachnasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Moyne, Co. Galway