School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 103
  3. XML “Sionnach Bán na nOcht gCos - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sionnach Bán na n-ocht gcos.
    Sgéal
    Bhí duine uasal ann fadó agus fada do bhí, é féin agus a bhúachaill. Bhí gadar acú a raibh fios aige. Dubhairt an duine uasal leis an mbúachaill na capaill a fháil réidh go raibh sionnach thart an teach mór i gcaitheamh na h-oidhche. Fúair sé réidh íad agus amach leó ag fíach agus ghearr bhí síad amuigh núair rith an sionnach amach rompa. Bhí síad ag fíach i gcaitheamh an lae gur bhain an oidhce an lá díobh.
    Sheas an duine uasal súas agus dubhairt sé leis an bhúachall nach raibh fhios ar an domhan aige cá raibh sé. Ní raibh me in aon áit ariamh nach raibh fhios agam cá mbím. Níl muid deic slat is fiche ó Geata "Demain". Más é sin é ars an duine uasal, Tagamíd isteach san "avenue". Chúaidh síad isteach ann íad féin agus na gadhair. Connaich síad teach an duine uasal uatha. Núair tháinig síad chuig an {yard} tháinig buachaill an duine uasail sin amach chuca. D'íarr an duine uasal a raibh ag fíach an mbeadh áit aige a chuireadh sé na gadair go maidin. Dubhairt an búachaill leis go gcaitheadh sé cead a iarraidh ón Mháighistir. Chuir sé fios isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish