School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 090
  3. XML “An Clog i dTobar Bearneáin - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Clog i dTobar Berneáin
    Sgéal.
    Bhí fear i Lios an Uisge cúpla blíadhain ó shoin. Bhí sé an-bhocht. Bhí naíre air dul chuig an Aifreann mar ní raibh a chuid éadaigh go maith.
    An Domhnach seo bhí na daoine ins an mbaile beag bailighthe leó chuig an Aifreann ach é fhéin. Chúaidh sé súas go Cnoch Rúaidh agus d'fhéach se ina thimpeall. Bhí gach áit úaigneach. Chúaidh sé isteach chuig Tobar Naoimh Bearnáin agus d'ól sé uisge beannuighthe as an tobar. Chúaidh sé amach agus chúaidh sé thart timpeall an tobair ag déanamh turais.
    Núair a bhí sé déanta aige chúaidh sé isteach san tobar arís, agus thosuigh sé ag guidhe. Chúala sé clog dhá bhualadh san tobar mar a bheadh clog an Aifrinn ag glaodhach ar dhaoine dul chuig an seipéal. Ó'n Domhnach sin amach níor fhan sé sa mbaile, chúaidh sé chuig an Aifreann; giobhlach is a bhí sé.
    Tobar Bernáin -
    Tobar beannuighthe san
    gceanntar so ar bhárr Chnuic
    Ruaidh. Bíonn turas ann
    lá Fhéile an naoimh 20adh Lughnasa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Mhic Conraoi
    Gender
    Female
    Age
    53
    Address
    Oakwood North, Co. Galway