School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 078

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 078
  3. XML “Conchubar agus an Dá Chaoirigh - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Concubhar agus an Dá Chaoraigh
    Sgéal
    Bhí fear agus bean fadó agus 'sé an t-ainm a bhí ortha ná Seán agus Bríghid. Thuiteadar i ngrádh lé chéile agus do phósadar agus faoi théis naoi míosa bhí mac óg acú. 'Sé an t-ainm a ghlaodh síad ar an mac Concúbhar. Cailleadh an t-athair go haith-ghearr ina dhíaidh sin agus d'fan Concúbhar sa gclíabhán gan cainnt ná coisidheacht go ceann seacht mblíadhna. Dúbhairt an mháthair annsin go gcaithfidh sí pósadh lé fear a bheith aicí chun an obair a dhéanamh. Labhair Concúbhar sa deire agus dúbhairt sé léi fanacht seacht mbliadhna eile go mbeadh sé féin ábalta an obair a dhéanamh annsin. "Déanfidh sin" ars an mháthair acht dfan Concúbhar sa gclíabhán seacht mblíadhna eile. Núair bhí an seacht mblíadhna sin caithte dúbhairt sí go gcaithfheadh (fidh) sí pósadh nár fhéad sí an teach a coinngheál ní bfuide. Labhair Concúbhar arís agus dúbhairt sé nár bfhiú dí pósadh go ceann seacht mblíadhna eile agus go ndéanfhadh sé bean-úasal dhí sa deire. Dúbhairt sí go ndéanfadh sin agus dfhan sí seacht mbliadhna eile. Bhí Concúbhar blíadhan is fiche anois agus shiúbhal sé amach as an gclíabhán ina fhear chómh breágh is dféadfhá feiscint. D'imthigh leis ar fud na garrdhanta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Chatháin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Lissaniska, Co. Galway