Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fheiceál.
Leis sin chuaidh an mac go dtí tighe na madraí agus sgaoil sé amach a chuid madraí in a dhiaidh chun rúaig a chur air. Lean síad é, agus sa deire mharbhuigh síad é. Núair chonnaic a bhean an rud a bhí déanta aige, "dúbhairt sí leis, cé'n fáth a ndearna tú é sin" agus dúbhairt an fear gurbh é a athair a bhí ann. Núair chúala a bhean é sin dúbhairt sí leis bheith ag imtheacht go tapaidh agus párdún d'fhághail ar an bpeacadh úathbhásach sin. Leis sin chúaidh sé chuig an Easbog acht ní thiubhradh sé párdún dó. Chuaidh sé chuig an Pápa acht ní thiubhradh sé párdún dhó. Ar a theacht abhaile dhó chuaidh sé treasna portaigh, agus chonnaic sé fear ar an mbóthar tamall maith uaidh. Shiubhal sé go tapaidh chun bheith roimhe ag an gcros-bhóthar, agus casadh lé chéile íad san áit céadhna.
Sagart a bhí ann, agus d'innis sé a sgéal dó. "Tiúbhraidh mé párdún duit ars an sagart". Sé an phárdún a thug sé dó, ná póg a thabhairt do'n chéad rud a chasfaidhe leis. "Dearg Daoil" a chas leis ar dtús, agus b'éigin dó póg a thabhairt dí. Bhí cealg nimhe ag an "Dearg Daoil", agus chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Seachnasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Maighin, Co. na Gaillimhe