School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 140
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe ar oileán atá amuigh ins an bhfairrge. Tobar mór iseadh é. Tá an t-oileán trí mhíle amach sa bhfairrge ó Chárna. Sé an t-ainm atá ar an oileán sin na oileán an iafrianán, agus tá tobar beannuighthe air. Tá an tobar déanta i lár leice agus tá trí dháth ins an bpíosa don leic a bhfuil an tobar déanta air. Dath glas dath bán agus dath uaithne. tobar deas iseadh é agus tobar máith iseadh é Nuair a bhíonns Pían i gcramanaibh na ndaoíne Cuireann siad turas ortha féin go dtí an tobar seo agus déanann sé máith do go leor aca. Nuair a bhíonns siad ag tabhairt an tuiris baineann siad díob a gcuid bróga agus a gcuid stocaí agus tugann siad turás air cos nochta Teighéann siad ar a nglúna idtosach ar aghaidh an tobáir agus abrainn siad cúpla paidir. Annsin eirigheann siad aríst agus togann siad cupla cloch bheag agus gach uair da dteigheann siad thart timcheall an tobáir ag tabhairt an turís caitheann siad cloch bheag i leath thaobh an tobair. Gach uair da dteigheann siad thart timcheall freisin abraínn siad dhá phaidír ar n- Athaír agus sé do Bheatha a Mhúire. Annsin Nuair a bhíonns an meid sin déanta acu teigheann siad ar a nglúna aríst agus abrann siad cúpla
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway