School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 123
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe ins an áit seo ar a dtugtar tobar Ciaráin. Tá sé suidhte i gCillchiaráin in aicí leis an reilig ar thaobh an chnuic. Tá croinntibh beaga ag fás timcheall air. Tá sé raidhte gur fear a bhí i gCillchiaráin fadó a rinne é. Naomh do beadh é agus sin é an fáth a rinne sé an tobar mar do bhí spiorad in a chomhnuidh ann agus do dhíbir an naomh é amach go dtí Cnoc Mordáin agus sin é an fáth a tugadh an t-ainm sin ar an gcnoc mar is Mordáin an t-ainm a bhí ar an spiorad. Do rinne an naomh annsin tobar ann agus do bheannaigh sé é. Annsin do ghlaodh na daoine tobar Chiarán air. Tá lá airithe ceapuighthe le h-aghaidh turas a thabhairt ar an tobar seo. An lá a mbíonn an pátrún i gCillchiaráin i n-onóir an Naomh sin freisin. Gach duine ar mian leis turas a thabhairt ar an tobar. Tugann cuid des na daoine turas le h-agaidh duine ar bith dá muinntír atá ann agus nach bhfuil sé féin i n-án dul ag an tobar le h-aghaidh turas a thabhairt. Fágann cuid des na daoine "biseach" nuair a thugann daoine eile turas dóibh ar an tobar seo. Sé an caoi a dtugann siad an turas nuair a tagann siad go dtí an tobar baineann cuid díobh dhíobh a mbróga agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighidh Ní Mhaoilchiaráin
    Gender
    Female
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway