Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 123
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuighthe ins an áit seo ar a dtugtar tobar Ciaráin. Tá sé suidhte i gCillchiaráin in aicí leis an reilig ar thaobh an chnuic. Tá croinntibh beaga ag fás timcheall air. Tá sé raidhte gur fear a bhí i gCillchiaráin fadó a rinne é. Naomh do beadh é agus sin é an fáth a rinne sé an tobar mar do bhí spiorad in a chomhnuidh ann agus do dhíbir an naomh é amach go dtí Cnoc Mordáin agus sin é an fáth a tugadh an t-ainm sin ar an gcnoc mar is Mordáin an t-ainm a bhí ar an spiorad. Do rinne an naomh annsin tobar ann agus do bheannaigh sé é. Annsin do ghlaodh na daoine tobar Chiarán air. Tá lá airithe ceapuighthe le h-aghaidh turas a thabhairt ar an tobar seo. An lá a mbíonn an pátrún i gCillchiaráin i n-onóir an Naomh sin freisin. Gach duine ar mian leis turas a thabhairt ar an tobar. Tugann cuid des na daoine turas le h-agaidh duine ar bith dá muinntír atá ann agus nach bhfuil sé féin i n-án dul ag an tobar le h-aghaidh turas a thabhairt. Fágann cuid des na daoine "biseach" nuair a thugann daoine eile turas dóibh ar an tobar seo. Sé an caoi a dtugann siad an turas nuair a tagann siad go dtí an tobar baineann cuid díobh dhíobh a mbróga agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe