School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 117
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cloch an Trailseán
Tá cloch timcheall na h-áite seo ar a dtugtar cloch an trailseán. Tá sé amuigh ar an gcnoc. Sé an caoi a fuair sé a ainm bhíodh bean ag seoladh beitheach gach lá amach ar an gcnoc agus suidheach sí síos ar an gcloch sin ag leigeant a sgiath. Annsin nuair a bhí an bhean sin ag dul go Meiracá chuaidh sí amach go dtí an cloch agus thug sí sisúr léithe agus ghearr sí trailseán a bhí déanta aice dha grúig agus d'ág sí f'en gcloch é. Sé an fáth a thugtar cloch an trailseán ar an gcloch sin.
Áil na Brón
Timcheall na h-áite seo bhí dhá dhream daoine ag troid fado. Ba ghearr gur buadh dream aca ar an dream eile. Suidhe an dream a bhí buailte síos ar an áil agus thosuigheadar ag déanamh brón agus sé an fáth a bhfuil Ail na Brón ar an mbaile sin.
Loch an Óir.
Tá loch timcheall na h-áite seo. Is ar cnoc Maoilín atá sé. Bhí go leór óir le fághail ann fadó agus geibheadh na daoine ór ann dhá dtoruighidís é.- Collector
- Sorcha Ní Cheannabháín
- Gender
- Female