Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cloch an Trailseán
    Tá cloch timcheall na h-áite seo ar a dtugtar cloch an trailseán. Tá sé amuigh ar an gcnoc. Sé an caoi a fuair sé a ainm bhíodh bean ag seoladh beitheach gach lá amach ar an gcnoc agus suidheach sí síos ar an gcloch sin ag leigeant a sgiath. Annsin nuair a bhí an bhean sin ag dul go Meiracá chuaidh sí amach go dtí an cloch agus thug sí sisúr léithe agus ghearr sí trailseán a bhí déanta aice dha grúig agus d'ág sí f'en gcloch é. Sé an fáth a thugtar cloch an trailseán ar an gcloch sin.
    Áil na Brón
    Timcheall na h-áite seo bhí dhá dhream daoine ag troid fado. Ba ghearr gur buadh dream aca ar an dream eile. Suidhe an dream a bhí buailte síos ar an áil agus thosuigheadar ag déanamh brón agus sé an fáth a bhfuil Ail na Brón ar an mbaile sin.
    Loch an Óir.
    Tá loch timcheall na h-áite seo. Is ar cnoc Maoilín atá sé. Bhí go leór óir le fághail ann fadó agus geibheadh na daoine ór ann dhá dtoruighidís é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Cheannabháín
    Inscne
    Baineann