School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 072
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar an bhocht. bhí sé ráite an uair sin go raibh gréasaí liopracán ag dul thart san oidhche agus air bíth a gheobhfadh greim air agus an sparan a iarraidh air go mbéadh sé saidhbhir go deo. Oidhche amháin shocruigh an bheirt acu dul ag tóireacht an lioprachán agus chuaidh. Ar an gcnoc a thugadar a n-aghaidh i dtosach. Nuair a bhi siad tamall amach san gcnoc chonnaic siad fear ag teacht chucu. "Tá sé againn anois" a deir an fear leis an bean agus is fada ar a thóir muid. Ba dochtúir a bhi ann agus cheap siad se gurbh bé an greasaidhe lioprachán a bhí ann. Rith siad annsin agus fuair siad greim ar an dochtúir. "Cuir uiat do sparan anois" adeir siad leis. "Níl aon sparan agam" a deir an dochtúir bocht.
"Ná bac le do chuid magadh anois a deir siad "ach cuir uait an sparán. Aithneann muid go maith gurbh tú an greasaidhe liopracán." "Leig uait mé" a dubhairt sé. "Is dochtúir mé agus(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Mac Dara Ó Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway