School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn

Filter stories

Back
/ 189 Forward
Resolution: Low | High
Toibreacha Beannaithe sa bParóiste seo

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Máire Seóige

Sruch-Sháile, Caiseal, Co. na Gaillimhe.
Ó Sorcha Seóige, Sruth-Sáile, Caiseal
Toibreacha beannuighthe sa bParróiste Seo.
Tá a lán toibreacha beannuighthe sa parróiste seo. Siad na cinn is mó i gceist acu Maimín agus Tobar Chonnaill. Deirtear go raibh Naomh Padhraic i Maimín agus luaidhtear an tobar sin leis. An domhnach deireanach de’n Iúl agus luaidhtear an tobar i Maimín tá aill. Ieabhais Phadhraic a dtugtear air agus deirtear gur codail Padhraic san gleann atá sa aill.
Níl aon tráth áirithe le turas a tabhairt ar Tobar Chonaill. Ag an tobar seo ‘siad na paidreacha atá ráidte: ar do glunaibh i dtosach deirfeá Ar n-Athair, Sé do beatha Mhuire agus glóire do’n Athair seacht n-uaire. Annsin tógfá suas seacht cloichi agus rachthá timcheall an tobair seacht n-uaire agus gach uair deirfeá Ár n-Athair, Sé do beatha Mhuire, agus Glóire do’n Athair. Ólfá trí deor de’n uisge agus chaithfeá trí deor thar do ghualainnibh. Nigheann na daoine a geosaí taobh amuigh de’n tobar. Is éigin duit toras a deanamh timcheall an cárnán doch atá sa roilic in aice an tobair freisin. Is ceart a gabhail chuig tobair freisin. Is ceart gabhail chuig Tobar Chonaill roimh meadhon lea. Fagann daoine rud éigin in a ndiaidh ag an gebaidhe atá timcheall an tobair fagann siad. Dá mbeadh do guidhe ag teacht chugat chifeá rud éigin beo san uisge.
Bhí sean-bhean annseo tráth. Ní raibh ach bó amháin aici. Bhí an sirriamh ag tabhairt na bó nuair nach raibh

(continues on next page)
Collector
Máire Seóige
Gender
female
Address
Scrahallia, Co. Galway
Informant
Sorcha Seóige
Gender
female
Age
45
Address
Scrahallia, Co. Galway
Language
Irish