School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0491
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa.”
Sgéal
Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa, agus gach lá thugaidís cuireadh go dtí na dteach do na bochtáin a bhí timcheall na h-áite agus thugaidís a ndóthain le n-ithe agus le n-ól dóibh. Aon uair amháin d'eirigh an bheirt seo atá i gceist agam an-bhocht agus ní raibh luach a mbéile aca agus bhídís ag imtheacht thart gach lá agus náire ortha a dul isteach i n-aon teach le greim le n-ithe fhághail mar nár chleachtadar é.
Ar choirnéal sráide a bhíodar aon tráthnóna amháin agus iad sgrútaighthe leis an ocras. Níor bhfad dóibh ansin go dtáinic saighdiúr go dtí iad agus d'fhiafruigh siad dó a bhfuighfeadh sé greim le n-ithe dóibh mar go raibh lagar ortha leis an ocras. Bhí truaigh mhór ag an saighdiúr dóibh agus rith sé leis agus(continues on next page)- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Chathair, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- An Púirín, Co. Galway