School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Aille, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin

Filter stories

Back
/ 0557 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0545

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí fear fadó ann agus bhí cailín i ngrádh leis.

Sgéal

Bhí fear fadó ann agus bhí cailín i ngrádh leis. Fuair an cailín an-dona agus sul má fuair sí bás dubhairt sí leis an bhfear a dhul dhá faire sa roilig an chéad oidhche. An lá a fuair sí bás chuaidh an fear go dtí fear eile ar an mbaile agus dubhairt sé leis gur dhubhairt an cailín leis a dhul dhá faire sa roilig an chéad oidhche.
Dubhairt an fear leis cruibín caorach agus buidéal uisce coisreacan a thabhairt leis go dtí an roilig. Annsin stríoca a tharraingt timcheall ar fhéin ar an talamh agus an t-uisce coisreacan a dhoirteadh taobh istigh de'n líne.
Cuireadh an cailín agus nuair a tháinig an oidhche chuaidh an fear go dtí an roilig agus rinne sé mar dubhairt an fear leis. Annsin rinne an fear líne cruinn timcheall ar an talamh agus chuaidh sé féin

(continues on next page)
Collector
Mícheál Breathnach
Gender
male
Address
Caher, Co. Galway
Informant
Siubhán Ní Neachtain
Gender
female
Address
Caher, Co. Galway
Language
Irish