Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0491

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0491

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0491
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa.

    Sgéal
    Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa, agus gach lá thugaidís cuireadh go dtí na dteach do na bochtáin a bhí timcheall na h-áite agus thugaidís a ndóthain le n-ithe agus le n-ól dóibh. Aon uair amháin d'eirigh an bheirt seo atá i gceist agam an-bhocht agus ní raibh luach a mbéile aca agus bhídís ag imtheacht thart gach lá agus náire ortha a dul isteach i n-aon teach le greim le n-ithe fhághail mar nár chleachtadar é.
    Ar choirnéal sráide a bhíodar aon tráthnóna amháin agus iad sgrútaighthe leis an ocras. Níor bhfad dóibh ansin go dtáinic saighdiúr go dtí iad agus d'fhiafruigh siad dó a bhfuighfeadh sé greim le n-ithe dóibh mar go raibh lagar ortha leis an ocras. Bhí truaigh mhór ag an saighdiúr dóibh agus rith sé leis agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chathair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Púirín, Co. na Gaillimhe