School: Cillíní Díoma (roll number 15071)

Location:
Killeenadeema, Co. Galway
Teacher:
Uinsionn Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cillíní Díoma
  2. XML Page 0226
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá mé in mo comhnuidhe i mbárr na gCrann.

    Tá mé in mo chómhnuidhe i mbárr na gCrann. Tugadh an t-ainm sin air mar bhíodh sé lán de cruinte fadó. Tá aon teach deag ann. Tá seacht gcinn acu agus díon sliona orra agus ceithre cinn agus díon tuighe orra. Tá beirt ag fágháil an phionsúin ann, Tomás Ó Mhaoláin agus bean Uí Giollarná.
    Sé builín an ceanntar in a bhfuilim in mo chómhnuidhe. Tugadh an t-ainm sin air mar do bhiodh clocha sáithte ins an dtalamh. Tá naoi tighthe i mbuicín. Tá beirt ins an áit ag fágháil an phionsúin. Tá dhá theach agus díon sliona orra agus seacht gcinn agus díon tuighe orra. Tá dhá shean bhallóg an freisin.
    Baile an t-sléibhe a tugtar air an áit ina bhfuilim in mo chómhnuidhe. An baile is comhgaraigh don sléibhe. Amanta tugtar Cnoc na gcearc fraoch air mar tá sé lán de cearca fraoigh. Níl ach trí déag de tighthe ann anois. Bhí sean-bhean ins an áit. Bean Uí Chuisle an t-ainm a bhí uirrí agus sul a bhfuair sí bás d' innis sí dhom go raibh níos ná leath-chead de thighthe dán áit fadó. Tá na sean bhallóga le feiceáil go fóill. Tá ochtar daoine san áit ag fágháil a phinsiún. Tá Gaedhilge maith go leor ag cuid acu
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish