Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Galway, Co. Galway
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Leathanach 0174
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear i gConnamara fadó agus bhí sé ag dul ar an aonach go dtí an Spideál ag ceannacht bó. Ní raibh clog ar bith ann an uair sin agus ní raibh a fhios ag duine ar bith cé'n t-am a mbeadh sé. Chuaidh an fear seo a chodladh agus nuair a bhí tamall i na chodladh d'éirigh sé. Bhuail sé bóthar agus ní raibh sé i bhfad no go bhfaca sé teach beag ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé isteach agus bhí go leór daoine istigh agus bhí píobaire ar an mbord agus é ag seinnm cheóil. Chuir chuile dhuine fáilte roimhe i n-ainm agus i na shloinne agus dubhairt siad leis suidhe síos. Shuidh sé ar chathaoir go ceann tamaill bhigh. Annsin thosuigh siad ag dul amach agus dubhairt siad leis an bpíobaire gan an fhear sin a leigent amach go dtiocfadh siad ar-ais. Annsin tháinic ríméad ar an bhfear agus dubhairt se leis féin mar a mbeadh éinne le na choinneál istigh ach an píobaire go dtiocfadh sé amach. Nuair a bhí siad ar fad imthighthe ach an píobaire d'éirigh sé agus dubhairt sé: is fearr domsa a bheith ag imtheacht. D'éirigh an píobaire agus dubhairt sé nach bhféadfadh sé dul amach nó go dtiocfadh siad ar-ais. Thosuigh sé féin agus an píobaire ag troid ach bhuail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Bhailis
- Inscne
- Fireann