Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Leathanach 0175
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear an píobaire anuas ar leac agus bhris sé a dhruim. Ní raibh an fear i bhfad go dtáinic tart air agus chuaidh sé isteach i dteach. D'iarr se deoch ag biadh ach ní raibh aon uisge istigh agus chuaidh sí amach ag an tobar. Chuaidh an fear go dtí an cliabhán agus bhreathnuigh sé ar an bpáiste agus cé'n duine a bheadh ann ach an píobaire. Cé thug annseo thusa a deir an fear leis. Nuair a bhí mé fein agus thú féin ag troid indé agus bhuail tú mé agus thug na daoine leo mé agus d'fhág siad annso mé agus thug siad leo an páiste eile. Nuair a tháinic an bhean isteach thosuigh an fear ag cur síos teine agus chaith sé an cliabhán isteach sa teine. Annsin chuaidh sé amach ag an doras agus thug sé isteach an páiste.
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-láidir agus chaula sé go raibh na fathaigh ag troid ins an domhan shoir. An lá seo rinne sé bád beag agus nuair a bhí sé leath-bhealaigh go dtí an domhan shoir chonnaic sé bád. Ghlaoidh sé ar an gcaiptín agus thug an caiptín cliadheamh dhó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Bhailís
- Inscne
- Fireann