Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh

Suíomh:
Gaillimh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
  2. XML Leathanach 0241
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tighearna talamhana ann fadó agus bhí sé an-t-saidhbhir agus d'fhág sé tighearna eile ós cíonn an talamh. Thárla go raibh bhean an-bhocht san áit agus ní raibh sí indon an cíos a ioc agus bhí an tighearna seo a dul dá a chur amach as an teach an lá seo. Bhí an tighearna niór ag dul thart an lá seo agus tháinic slabhradh ocrais air. Chuaidh sé isteach i dteach na mná seo agus d'iarr sé béile ar an mbean, Chuirfinn-se síos pota fataí dhuit ach cé'n mhaith dhuit iad gan aon bhlas leo. Tá an tanlan agam féin adheir sé agus rug sé greim ar sgian phóca a bhí ar an mbord agus sháith sé an mhuic agus dubhairt se léithe a beith ag ithe go mbeadh a sáith íthte aice. Thug sé leitir dhé nuair a bhí sé ag imtheacht agus nuair a tháinic an tighearna talamhana eile thug sí an leitir dhó agus dubhairt sé léithe go raibh a chosa nighte aice.
    Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag ioc a chuid cíosa go maith nó gur bríseadh as a phost é. Nuair a briseadh ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh an cíos a ioc. Ní raibh aon ola aige agus ní raibh siad indon aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig O Bhailís
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seansráid an Teampaill, Co. na Gaillimhe