Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh

Suíomh:
Gaillimh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
  2. XML Leathanach 0188
  3. XML “Scéal fá Ridire an Gaiscígh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó is fadó a bhí. Dá mbeinn se an t-am sin ann ní beinn anois ann nó dá mbeinn bheadh sgéal nua nó sean sgéal agam nó bheinn gan aon sgéal. Bhí righ i nÉirinn fadó agus rugadh mac dhó. Chuir sé síos i núin thalamhana é ag bainliath dhá oileamhaint ins an áit nach bhfaca se gaoith na grían. Nuair a bhí sé seacht mbliadhna d'aois thug an bainliath suas ar an mbruach é agus thug sí comán óir dhó agus comán airgid dhí féin. Chaith sí an liathróid amach i lár na páirce agus bhí siad ag bualach nó go raibh deamhan agus deireadh an laé ag teacht, go raibh an gearán bán ag dul ar chúl an chupóig agus go raibh an chupóig ag dul go dtí an domhan thoir le faithchios. Bhí dhá bháire aice air agus ní raibh aige uirthí ach aon bháire amháin. Leag sí isteach i mbínn a cóta e agus cuir sí insan úin é. Nuair a bhí se cheithre bliadhna déag thug sí iníos arís e agus thí sí comán óir dí féin agus comán airgid dhó san. Bhí siad ag bualadh nó go raibh deamhan agus deireadh an laé ag teacht go raibh an gearán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ó Bhailís
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seansráid an Teampaill, Co. na Gaillimhe