School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor cluichthe ag na daoine thart annseo. Imrigheann na daoine cluichthe thart ar an teine san oidhche.
Gheobhadh duine cloch bheag agus do thiubhradh sé do'n duine ba ghoire dó í agus déarfadh sé "Seo dhuit mo ghaidrimín dearg". "Tabhair dhom gan gáiridh é" a déarfadh an duine eile leis. "Pruit, tuige nach dtiubhrainn" a déarfadh an chéad trí huaire. Dá dtosnóchadh sé an gáiridhe agus é dhá rádh cuirfidhe rugha air.Tá cluiche eile aca agus d'fhéadfadh méid ar bith daoine a h-imirt. Bheadh máighistear ann agus bata mór aige agus dá ndéanfadh ceachtar de na daoinibh an rud mí-cheart cuirfeadh sé a chos suas ar a ghlúín agus buailfeadh sé buille ar bharr a bhróige. Bheadh ponginn, dhá phinginn, trí pingne mar sin suas go sgilling mar ainmneacha ortha. Dhearfeadh an máighistear "Cé tá ag díol coirce annseo" Dheirfeadh duine aca "Tá buachaill pinginn dá dhíol" nó cér bith ainm a bheadh air. Dheirfeadh sé a ainm agus dhéarfadh an máighistir é agus déarfadh an duine "Sir". Dá ndéanfadh sé mí-cheart é gheobhadh sé buille ar bharr na bróige. D'imrigheadh na daoine go leor cluichthe ag tóramh(continues on next page)- Collector
- Padraig Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway
- Informant
- Padraig Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male