School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le haghaidh muc. Tá sí go maith le haghaidh daoine dá mbeadh slaghdan ortha. Deirtear go bhfuil leigheas i mbláthaigh a fiuchadh trí h-uaire le h-aghaidh cácaí is mó a dhéantar bláthach.
Tá cúpla cineál cuinneóg ann anois. Sé an sean-chineál atá againn-ne agus ins gach teach ar an mbaile. Tá chuinneóg dhá throigh ar aoirde. Tá loithne innte le bheith dá cur síos agus aníos agus tá an séalán an claibín agus an clúdach innte.
Tá go leor sgéalta agus pisreóga leis an gcuinneóig agus leis an maistire.
Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin.
Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin.
Deireann siad dhá mbeadh bean ruadh ag déanamh masitire agus duine do theacht isteach go deargadh píopa agus dá ndéanadh sé aon cheo de'n maistire go dtiubhradh sé an t-im i n-a phóca leis. Bhí fear ae an mbaile seo fadó agus ní leigfeadh sé d'aon duine píopa a dheargadh an fhad agus bheadh an maistire ar siubhal. Deirtear go mbíodh bean i bparráiste Anach Cuain fadó agus chuile uair dá mbuaileadh sí buille ar an mbainne acht é bheith san(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway