School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)glas sa samhradh agus le féar tirm turnapaí agus meacna san geimhreadh.
An Mhuc
Tá cúig cinn de mhucaibh again. Beathuightear na muca le fataí, turnapaí, meachna agus bran. Caithfear an biadh a bruith nó ní íosfaidh na muca é. Tá cráin againn freisin. Bíonn bainbh aici dhá air sa bhliadhain. Nuair a bhíos na bainbh deich seachtaine d'aois díoltar iad. Coinnightear na bainbh nó na muca istigh i gcómhnuidhe. Cuirtear fáine i srón na cránach le nach mbeadh sí ag tocailt na talmhan.
An Mada.
Tá mada againn sa mbaile. Is madadh caorach é. Bíonn sé ag tiomáint na mbeithidheach agus na gcaorach. Bíonn se ag fiadhach coinin agus girrfhiadh. Marbhuigheann sé luchain freisin. Itheann sé fataí agus ólann sé bainne.
An Cat.
Tá cat againn sa mbaile. Is ainmidhe beag an cat. Marbhuigeann an cat luchain agus francaigh. Ólann an cat bainne agus itheann sé arán. Tá go leor éanlaith again sa mbaile. Tá go leor cearc, lachan, geadha agus cearc franncach againn. Beireann na cearca franncaigh, na lachain agus na géana uibheacha. Cuirtear uibheacha ar gor le go mbeadh sicíní óga ag na daoine. Nuair a bhíos na huibheacha trí seachtmhain(continues on next page)