School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé Móinteach mo cheanntar féin, Tá naoi dtighthe déag ann. Is tighthe cinn tuighe iad ar fad. Ní cuimhneach liom-sa nuair a déanadh aon cheann aca acht is cuimhneach le mo mhátahir é. Bhí go leor daoine ann fadó thar mar atá anois. Is cuimhneach lem mháthair nuair a bhí leath-chéad teach ann. Tá go leor sean-bhallaí le feiceáil ann fós. Dubhgáin an sloinne is mó atá ann. Tá go leor ainmneacha ar an talamh atá thart ar an mbaile. Ní h-é an teach céadna a bhfuil mo mháthair ann anois ann agus in-a raibh sí fadó.
Tá lorg ann in-áit a raibh sgoil ann fado agus bhíodh cuid de na sean-daoine ag dul ar sgoil ann agus tá cuid aca beó fós dá raibh ag dul ar sgoil ann. Tá naonbhar sean-duine ann atá ós cionn seachtaughadh bliadhan. Tá gach uile duine aca indon sgéalta Gaedhilge d'innseacht.
Tá sean-bhallaí le feiceáil ann i n-áit a raibhbráithre i n-a gcomhnuidhe ann agus tá daoine dhá gcur ann anois agus sé an t-ainm air "an lisín". Bhíodh bóithrín amach go dtí an Cluain ag na bráithribh le earrasibh athabhairt isteach ann is amach as. Deirtear nuair a bhí siad ag dul ghá fhágáil go raibh an oireadh sin bráithre ann agus go raibh ó cheann an lisín go ceann Chnocháin Lorgan(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male