School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbaile. Tá sí tuairim is dhá órlaí fichid ar aoirde agus trí órlaí déag in a bhárr agus ocht n-órlaí déag a bun. Tá sé tuairim is bliadhain is fiche ó déanamh é. Seo iad na h-ainmneacha tugtar ar gléasanna na cuinneóige : loinithe cliabhín. Tuairim is leath-uair a bhíonn an maistir dhá dhéanamh. Oibhrighthear na lámh agus oibhrighthear an loinithe síos, suas.
Aithnightear go mbíonn an maistir déanta nuair a bhíonn an t-im le feicéal ar chlár na cuinneóige. Déantar cáca leis an mbláthaigh agus tugtar cuid de do'n na muca.
Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sí sé órlaigh déagh ar faid agus tuairim naoí n-nórlaigh ar léithead. Tá sé déanta le cúig bliadhian. Seo cuid de pisreóga: Cuirtear splanc teine foí an gcuinneóig nuair a bhíonn maistre dhá dhéanamh. Cuirtear splainn ar chlár na cuinneóige ar eagla go dtiochfhadh na sídheóga chuig an t-im. Cuireann mo mháthair an loinithe timcheall ar an gcuinneóg an fhaid is bheadh duine ag déanamh comhartha na croise. Leagann(continues on next page)