School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uisge ins an bpota, agus glaice salann. Annsin théighfeadh sí amach 'sa ngarrda agus thugfadh sí isteach cúpla crann cabáiste. Ghlanfadh sí iad agus cuirfeadh sí sa bpota nuair a bhéadh an t-uisge a fiuchadh. Nuair a cheapfadh sí go mbéadh an cabáiste bruitte thógfadh sí anuas é agus cuirfeadh sí amach ar an míos é do Éoin. Sé an t-ainm a thiubhrfad siad ar an bídh sin ná Gáisín Sodair. Sin a gheobhfadh Éoin le n-ithe ag na fataí.
Nuair a bhéadh sé i Maighean leis an t-ualach ní bhéadh tuirseach ar bith air. Malaí móra fada a bhíodh acú an t-am sin. Rachadh seacht gcéad meadhchon i chuile mála. D'iompróchadh Éoin gach ceann acú isteach ar a dhruim agus chaith sé blianta dhá dhéanamh sin. B'in é an fear ba láidre a chuala mé go minic a bhí thart annseo le cúpla céad blian.
Bríghid Ní Conriogh as Athcloigín a fúar na sceala seo shuas.