School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Page 0324
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an gcloich d'fághail. "Cá bhfuil tú ag dul," adeir an chloch. "Tá cloch uaim a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slat a bhualfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaid mise leat," adeir an chloch " go bhfághaidh tú uisge a fhliucheas mé." Chuaidh Murchadh Mór leis an uisge d'fághail ."Cá bhfuil tú ag dul, " adeir an t-uisge. "Tá uisge uaim a fhliuchas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slat a bhuailfheas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaidh mise leat", adeir an t-uisge, " go bhághaidh tú cú a snámheas mé." Chuaidh Murchadh Mór le cú d'fághail. "Cá bhfuil tú ag dul, " adeir an cú. "Tá cú uaim a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " "Ní rachaidh mise leat, " adeir an cú " go bhfaghaidh tú madadh a ruaigfeas mé. " Chuaidh Murchadh Mór le madadh d'fhághail. " Céard atá uait", adeir an madadh . "Tá madadh uaim a ruaighfheas cú, cú a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Ghiollarnáith
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cor an Dola, Co. Galway
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Ghiollarnáith
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Cor an Dola, Co. Galway