Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Headford, Co. Galway
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0075
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Déantar arán as na fataí agus déantar stailc as agus boxty. Tá mo mháthair in ann boxty a dhéanamh. Seo é an chaoi. Grátann sí na fataí tar éis iad a ghlanadh agus na craicinn a bhaint díóbh. Ansin faigheann sí na fataí agus meascann sí an "pulp" le fataí beirbhuighthe agus le plúr agus déanann sí cácaí beaga ciorcallach as agus cuireann sí síos i bpota uisce beirbhuighe agus tar éis uaire nó mar sin tógann sí suas é agus itear le ím é. D'iteas go minic é. An t-uisc atá fágtha tar éis na fataí grátaithe a fháisgadh fágtar ar leath-taibh é agus bíónn stailc i dtóin an uisce ansin. Déantar arán eile as freisin, "Arán Fataí" a thugtar air. Bruightear na fataí agus measctar le plúr iad agus cuirtear síos ar an grideal iad agus itear fuar nó te é. Déantar fataí grátaithe d'úsáid le haghaidh poitín. Déantar "alcohol" as na fataí freisin agus úsáidtear iad le haghaidh bidh na muca agus ainmhithe eile na feirme.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bohernamackagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bohernamackagh, Co. Galway