Sgeul eile.
Fuair mé an sgeul seo sa mblian 1922 o fhear as Conamara a thainig isteach ag obair i gcathair na Gaillimhe. Nil fhios agam ce he no ce an t-ainm a bhi air. Seo e an sgeul.
"Bhí giolla ag Colum Cille agus chuir se é ag teachtracht e chuig ait. D'imthig an giolla agus thainig tais amach roimhe.
"Ce h-iad na daoine nac rachas go flathais go brath" adeir se.
"Níl fhios agam" adeir an giolla
"Well na tar an bealach seo arís" ars an tais "gan an freagra a bheith agat.
Leig an tais é ar a bhealach annsin agus thainig sé abhaile nuair a bhi an teachtreacht deanta aige; agus d'innis e an rud a tharla do.
"Na bac leis" adeir Colum Cille.
Tamall i ndiadh sin arís bhi ar Cholum Cille an giolla a chur ar an mbeallach ceadna.
D'imthigh se agus casadh an tais leis arís agus chuir se an ceist ceadna air agus a chuir sé an chead uair.
"Na tar an bealach seo arís gan an freagra a bheith agat. Fiafruigh ar do maighistir e"
(continues on next page)