School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0102
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Grinn
    Bhí triúr fear Seán, agus Séamus agus Pádraig ag dul treasna na páirce lá. Chonnaiceadar buachall agus bhí caoire aige. Mharbhuigheadar an buacall agus mharbhuigheadar an caoire. Bhruitheadar an caoire, agus d'itheadar é. Fuair na gardaí amach gur mharbhuigh siad an buachall. Cuireadh an dlighe ortha, agus daoradh iad chun crochta. Sul ar crochadh iad dubhradh leo go gcrochfar iad ó aon chrann a maith leo. Dubhairt Seán mb'fearr leis bheith crochta ar an crann do b'áirde sa tír. Dubhairt Séamús go mb'fearr leis bheith crochta ar crann íseal. Dubhairt Pádraig go mb'fearr leis bheith crochta ar crann spíonáin. Ní féidir leo é do crochadh ar crann spíonáin. Dubhradhar go bhfanfadh siad go bhfásfadh an crann spíonáin. Níor fhás an crann spíonáin, agus níor crochadh Pádraig chor an bhith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann uair amháin agus ní rai[bh] bróga aige. Casadh fear cliste air, agus dubhairt sé leis a dhul isteach i siopa agus péire bróg a chuir air. Chuaidh sé isteach agus cuir sé na bróga air. D'iarr sé ar an siopadóir cé mhéid a bhí ortha. "Púnt" ars an siopadóir. Ní raibh piginn ar bith ag an bhfear. Tháinic an fear cliste isteach, agus thug sé buille do'n fear eile fá'n gcluais. Rith an fear eile amach in a dhiaidh ag leigint air go raibh sé feargach, agus ní dheachaid sé isteach sa siopa arís, agus bhí péire bróg deas aige.
    Bhí ocras ar an bhfear seo, agus chuaidh sé isteach i siopa. Ní raibh aon duine sa siopa roimhe. Rug sé ar dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dálaigh
    Gender
    Male
    Address
    Clogh South, Co. Galway
    Informant
    Donnachadha Ó Dálaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Clogh South, Co. Galway