School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0098
  3. XML “Tobar Beannaithe”
  4. XML “Tobar Beannaithe”
  5. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Tá tobar beannuighthe i gCnoch an Tuagh. Téigheann daoine ann ar an Domhnach deire de Mhí na Iúl. Deireann siad an Paidrín Pairteach, agus déanann sia Turas na Croise. Thugann na daoine cuid de'n uisge abhaile. Ólann na daoine é a mbíonn sgoilteacha ortha, agus tá sé indon é a leigheasú. Is é Naomh Briain pátrún an tobar.
    Do bhí Naomh Briain an-bhocht, agus bhí sé dall. Lá amháin chuaidh sé go dtí mainistir a bhí in aice leis an tobar Tháinic cat fiadháin, agus stad sé ag doras na mainistreach, agus dubhairt sé. "Tá an fear-bocht sin dall, acht dá ghlanfadh sé a éadan le uisge an tobair, bheadh sé indon a fheiceál." Cuala Naomh Briain é, agus chuaidh sé go dtí an tobar. Ghlan sé a éadan leis an uisge, agus bhí sé indon a fheiceál.
    Tamall roimhe sin, chaill sé a camóg in abhainn agus fuair sé é sa tobar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Tá tobar beannuighthe sa mbolán. Bhí Naomh Pádraig ag dul go dtí Mainistir eigin lá agus chuaidh sé ar a glunaibh chun guidhe le Dé, san áit a bhfuil an tobar sin, agus tháinic an uisge suas ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.