School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0083

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0083

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0083
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i gceann eile. Cuirtear púicín ar duine agus cuirtear na fochupáin cré le chéile. Ansin leagann sé a láimh ar fochupáin éiginn. Má bhíonn cré ann gheobhaidh sé bás sul a mbeadh an bliain caite, má bhíonn uisce ann rachaidh sé trasna na fairigí, má bhíonn píosa éadaigh ann beidh sé ina fhear bocht. Má bhíonn siosúr an beidh sé ina tháilliúr, má tá fáinne ann beidh sé pósta sul a bhéas an bliain caite.
    Leagtar fóchupán I lár an urláir agus déantar line suas uaidh le cailc. Ar an deireadh don line fágtar úll. Leagann duine a méar ar an fóchupán agus téann sé thart timpeall deich uaire ansin siúlann sé ar an line, má siúlann sé ar go díreach bíonn cead aige an úlla ithe.
    Bíonn na daoine ag éisteacht taobh amuigh den doras, agus an céad ainm mhná a cloisfeadh siad déarfadh siad ‘sin é ainm an mná a bheidh mé pósta léi.’
    Ní théann aon duine amach tar éis a deich a chlog san oíche sin mar deirtear go mbíonn na daoine marbh amuigh an oíche sin. Deireann siad an paidrín le h-aghaidh na daoine a bhíonn marbh sa teach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Proisias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway