School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa t-sean aimsear bhí fear ann. Bhí sé ag baint an fhéir lá. Céard a bhí ann acht girrfiadh in a chodladh. Léim sé amach agus do chaith an fear an speal leis agus do bhain sé cos de.
Lá amháin bhí sé ag dul go dtí an aonach. Bhí sé an moch agus chonnaic sé teach agus solas ann. Bhuail sé ag an doras agus d'osgail an fear an doras. Chuaidh sé isteach. Chonnaic sé fear in a shuidhe agus ar sé "Céard tá ort". Dubhairt an fear "Ta fhios agat". "Ó níl" ar seisean. "An gcuimhin leat an lá a bhí tú ag baint an fhéir? An gcuimhin leat an giorrfiadh a léim amach . Mise a bhí ann an lá sin agus tá mo chos briste ó'n lá sin amach". "Ó tá truagh agam duit " arsa an fear.
"Oscail an cómhra agus gheobhaidh tú póta óir" arsa an fear. D'oscail an fear an comhra agus do fuair sé an pota. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí sé saidhbhir go bhfuair sé bás.- Informant
- Bean de Búrcha
- Gender
- Female
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo