School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Page 050
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bí beirt fhear thiar i gConamara fadó. Bhiodar in a gcómhnuidhe le chéile cois na fairrge i bhfad ó gach uile dhuine. Tháing [!] sean-bhean isteach san teach chuca lá. "Chuala mé nach raibh aon bhean san teach seo" ar sise, "agus má's maith libh fanfaidh mise libh feasta agus déanfaidh mé obair an tighe dhíbh." "Tá go maith" adeir na fir "tá bean ag tasdáil go gear uainn le obair an tighe a déanamh." "Bhain an t-Sean-bhean a clóca dí agus thosuigh sí ag obair. Níor bhfada go raibh an teach chomh glan le biorán nuadh aici. "Is maith an bean thú. Bail o dhia ort" adeir na fir, "acht na bí ag obair ró-chruaidh agus tabhair aire maith dhuith féin. "Tá biadh is bainne san teach seo" Bí go maith is ní raibh go holc. "Ní fheicum [!] cat ar bith san teach seo" ar's an t-sean-bhean tar éis tamaill. "Níl" adeir an fir, ar maith?' leat cat" "Ba mhaith" ar sise. Chonnaic mé cat dubh ins an gcoill annsiúd thiar. Rachaidh mé sios agus meallfaidh mé liom é. Bhí sgadán guir [?] ar crchadh [!] ar an mballa. Thóg an t-sean-bhean an sgadhán anuas. Ghearr sí in a piosaí isteach i bpáipéar agus chuir in a póca iad. D'imthigh sí leí go dtí an coill. "Puis, puis" ars an t-sean-bhean. Chuala an cat í agus tháinig sé amach chuic[i.] Chaith sí píosa de'n sgadán chuig an gcat, d'ith an cat é. Thaithn[igh] sé go mór leis. Lean an cat í ag súil le píosa eile. Thug sí cúpla píosa eile de'n sgadán dó ar an mbealach. Fá dheire[adh?] shroich an t-sean-bhean an teach, lean an cat isteach í. Thug sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0113A: King of the Cats is Dead
    Language
    Irish
    Collector
    Seosa Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Informant
    Bean de Búrca
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Ballinrobe, Co. Mayo